Siar Ó Dheas

Tá Siar Ó Dheas á chraoladh ar West Limerick 102 FM ó 2006 i leith.Déanaimid iarracht saol na Gaeilge a léiriú agus an saol mar a fheiceann lucht na Gaeilge é. Cuirimid agallamh ar réimse leathan daoine go háirithe sa dúiche seo ach ’sna Gaeltachtaí, ’sna hIarghaeltachtaí agus thar lear chomh maith.Is minic a phléimid le painéal cúrsaí reatha , polaitíocht agus go háirithe cás na Gaeilge in Éirinn agus san Eoraip. Bíonn an clár curtha i láthair ag Éamonn Ó Liatháin, Mainistir na Féile, gach Luan ar a 9.00 a chlog.Bíonn tacaíocht lucht na Gaeilge sa cheantar thar a bheith tabhachtach agus bíonn daoine nua á lorg againn i gcónaí!

Éamonn Ó Liatháin

Glor Na Gael 2007

Glor Na Gael 2006